Description
Scríbhinní Phídraic Seoighthe (1920-1987)
Curth in eager ag Nóra Seoighthe
Is fíor go bhfuil a n-íomhá féin de Phádraic caomhnaithe i gcónaí i gcroíthe na ndaoine a chuir aithne air. Chinntigh na buanna uilig a bhí aige agus an méid oibre a rinne sé ar son a pharáiste go mbuanófaí na cuimhní sin.
Ba duine é a ghlac páirt iomlán sa phobal mar mhúinteor scoile, mar fhealsúnaí, mar scéalaí, mar staraí agus mar fhíor Ghael. Bhí sé ina athair geanúil don ochtar clainne a thóg sé féin agus mo mháthair, Mary.
Saolaíodh Pádraic sa bhliain 1920- am chorrach i stair na h-Éireann -an duine ba shine de chlann Mhichéail Pheadair Bhig Seoighthe agus Mhary Terry Sheáin Ní Ghallachobhair. Bhi mórsheisear eile sa chlann – Annie, Peter, Eamonn, Terry, Bernie, Grace agus Michael.